Scoil Cheoil Frankie Kennedy Teoranta

 

Fógra:

Tá seirbhísí comhórdú agus riaracháin á lorg ag Scoil Cheoil Frankie Kennedy 2010/2011 - scríobh chugainn roimh 02.07.2010 má tá suim agat san obair seo.

 

Scoil Cheoil Frankie Kennedy Teo., An Chrannóg, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

eolas@frankiekennedy.com / www.frankiekennedy.com / 087 9309656

 

Na Seirbhísí á lorg

1. Dhéanfaidh an Conraitheor sceidéal na Ranganna Ceoil agus na Teagascóirí a chur faoi bhráid an Bhóird (Bórd Stiúrthóirí Scoil Cheoil Frankie Kennedy Teoranta) roimh an 31ú Iúil 2010 lena chómhaontú.


2. Dhéanfaidh an Conraitheor sceidéal na gCoirm Ceoil agus na gceoltóirí a chur faoi bhráid an Bhóird roimh an 31ú Lúnasa 2010 lena chómhaontú.


3. Dhéanfaidh an Conraitheor aon lóistín cuí a chur in áirithe le toil an Bhóird amháin. Cuirfidh an Conraitheor sceideal don lóistín a chur faoi bhráid an Bhóird roimh 31ú Deireadh Fómhair 2010.


4. Dhéanfaidh an Conraitheor Clár na Scoile ar fad a chur faoi bhráid an Bhóird maraon le Buidgéid na gcostaisí ar fad roimh 31ú Lúnasa 2010 lena chómhaontú.


5. Dhéanfaidh an Conraitheor gach Conradh le gach triú páirtí; Teagascóirí, Ceoltóirí, Bannaí Ceoil, Teicneoraí, agus gach aon páirtí eile a chuireann seirbhísí ar fáíl don Scoil Gheimhridh a chur i scríbhín, agus iad a chur faoi bhráíd an bhóird lena gcómhaontú.


6. Béidh an Conraitheor ar fáil ag lucht leanúna an Scoil Gheimhridh ag uimhir gutháin i rith lae agus ag seoladh ríomhphoist le ceisteanna a fhreagairt faoin imeacht. Cuirfidh an Bórd an uimhir gútháin seo ar fáil lene h-aghaidh seo cionas é a bheith aitheanta cheanna féin. Cuirfidh an Bórd seoladh ríomhphoist ar fáil faoi www.frankiekennedy.com


7. Cuirfidh an Conraitheor gach eolas faoin Chlár ar fáil do na Dearthóirí clár lena phriontáil agus chun a chur ar an suíomh idirlín roimh 30ú Méan Fómhar 2010.


8. Bhéarfaidh an Conraitheor plean agus sceideal bolscaireachta don Bhórd lena chómhaountú roimh 30ú Méan Fómhair 2010.


9. Dhéanfaidh an Conraitheor cómh óirdniú ar dhíoláchán ranganna ceoil agus ticéidí coirme thar an idirlín, ar ríomh phost, sna siopaí áítiúla agus ar an ghúthán. Cinnteóidh an Conraitheor go lóistealfar i gcuntas Bainc Scoil Cheoil Frankie Kennedy Teoranta chuile ioncaim ó dhíoláchán.


10. Béidh an Conraitheor ar an láthair i rith chuille imeacht do Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy 2010/2011 lena chinntiú go bhfuil eagraíocht chuí ar an imeacht, agus gach eolas ar fáil ag gach éine.


11. Cuirfidh an Conraitheor cuntas ar fáil gach lá i rith an Scoil Gheimhridh do gach ioncaim agus caiteachas ar an lá sin.


12. Cuirfidh an Conraitheor ar fáil roimh an 28ú Feabhra 2011 guntas iomlán airgid, ioncaim agus caiteachais lena chómhaountú ag an Bhórd.


13. Mas gá ag an Bhórd ag aon am le linn téarma an Chonradh, iarraidh ar an Chonraitheor aon seirbhísí eile a chur ar fáíl, dhéanfaidh an Conraitheor iad sin a chur ar fáíl, ach luach a bheith cómhaontaithe roimh ré leis an Bhórd.